Ag teacht isteach i ré an ilteangachais

Tá foghlaim teangacha eile níos fusa ná mar a cheapfá, deir Neil Madden

Dá ndearfadh duine leat ‘flisni me mua’, an dtuigfeá é nó an mbeadh a fhios agat cén teanga atá i gceist? Tá tuairim is 225 theanga dhúchasacha san Eoraip agus is saibhir agus is ilchineálach í stair theangeolaíoch na hEorpa - cúis áthais gan dabht. Cad é chomh maith atá muintir na hEorpach chun teangacha a gcomharsan béal dorais (agus i gcéin) a fhoghlaim, áfach? Is dóigh le mórán Eorpach nach bhfuil ach aon teanga amháin ar eolas ag formhór na ndaoine. Déanta na fírinne, tá an dara teanga, go pointe áirithe, ag leathchuid nó níos mó de phobal an domhain agus tá líon mór daoine ‘ilteangach’ sa mhéid go bhfuil cumas éigin acu i roinnt teangacha (tuiscint agus/nó scríobh agus/nó caint…).

Tá ilteangachas i bhfad níos coitianta ná aon-teangachas. Tá an t-ilteangachas i bhfad níos coitianta mar riocht an duine ná an t-aon-teangachas. Tá na milliúin daoine a shíleann nach bhfuil ar eolas acu ach a dteanga dhúchais ach i ndáiríre tá cumas áirithe ag mórán díobh i dteanga eile. Mar sin féin tá níos mó deiseanna foghlama teanga ar fáil sa lá atá inniu ann ná riamh roimhe. D’fhonn béim a leagan ar an luach a bhaineann le foghlaim teanga tá Lá Eorpach na dTeangacha curtha ar bun ag an gComhairle Eorpach, lá a cheiliúrtar ar an 26 Meán Fómhair gach bliain. Táthar ag iarradh ‘ilteangachas’ a spreagadh leis an lá. Ní haon rud nua ná haon rud ait é seo ach is cuid den ngnáthshaol é i mórán pobal san Afraic agus san Áis. Is gnáthrud é leis, i mórán ceantair den Eoraip, go háirithe sa mBenelux agus sna tíortha Lochlannacha chomh maith leis na ceantair mórthimpeall na Meánmhara. Ní hionann sin agus a rá go gcaithfidh daoine leibhéal an chainteora dúchais a bhaint amach ach is é an sprioc atá i gceist ná go mbainfidís leibhéal amach a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh agus go dtuigtear iad de réir a riachtanais féin. Ní féidir stop a chur le leathnú an Bhéarla mar theanga idirnáisiúnta de réir dealraimh agus tugann suirbhéanna le tuiscint go dtugann formhór na bhfoghlaimeoirí teanga tús áite don Bhéarla go pointe áirithe. (Maíonn duine as triúr go bhfuil ar a chumas cumarsáid a dhéanamh trí Bhéarla de réir Eorabharaiméadair).

Ní gá duit stopadh nuair a bhíonn cumas Béarla bainte amach agat, áfach. Tá a lán teangacha eile ann ar uirlisí luachmhara iad chun an leas is fearr a bhaint as an saol, is cuma an ar mhaithe le post nó le haghaidh taistil. Inár saol domhandaithe seo tá baol go bhféadfadh meathlú teacht ar luach imeallach an Bhéarla. De réir mar atá líon na ndaoine a bhfuil an Béarla ar a dtoil acu ag dul i méid déanfaidh cumas i dteangacha eile an difríocht. I gcúrsaí oibre agus oideachais bíonn ar chainteoirí an Bhéarla dul san iomaíocht le daoine a bhfuil a dteanga dhúchais acu cheana féin, agus an Béarla lena chois. Ina theannta sin tá líon na ndaoine ag dul i méid a bhfuil cumas éigin sa tríú nó sa cheathrú teanga acu. Ní hiad buntáistí eacnamaíocha amháin a ghabhann le cumas teanga; spreagann sé sinn le meon oscailte a fhorbairt i leith daoine eile, a gcultúir agus a ndearcacha agus ina theannta sin cuireann sé solúbthacht aigne níos mó chun cinn mar cuireann sé ar ár gcumas córais ionadaíochta difriúla agus solúbthacht ó thaobh ár gcuid tuairimí de a chur i bhfeidhm. -2- Ba chóir dúinn an tábhacht atá le foghlaim teanga a thuiscint i dtaobh an léargais de a thugann sí dúinn ar dhaoine, ar chultúr agus ar thraidisiún tíortha eile. Is dóigh do dhaoine a fhéadann cumarsáid a dhéanamh leo siúd ó chultúir eile a bheith níos caoinfhulangaí. Cuimhnigh, leis, go mbíonn daoine nach bhfuil ach aon teanga amháin acu ag brath ar chumas teanga agus dea-mhéin daoine eile. An té a fhoghlaimíonn teanga eile, ní hamháin go bhfuil scil áisiúil á sealbhú aige ach is fianaise é go bhfuil meas aige ar fhéiniúlacht agus cultúr daoine eile agus go nglacann sé le héagsúlacht sa saol.

Bhí an Chomhairle Eorpach mar cheannródaí ar chlár a chabhraíonn le daoine a gcumas teanga eachtrannaí a thomhas. Is é is cuspóir don togra Punann na dTeangacha Eorpacha ná foghlaimeoirí a spreagadh le cur lena gcuid scileanna teanga ag gach leibhéal trí aitheantas a thabhairt dá gcuid iarrachtaí; ina theannta sin táthar ag iarraidh taifead na scileanna atá sealbhaithe acu a dhéanamh a fhéadfar a cheadú nuair a bhíonn siad ag bogadh ar aghaidh ar leibhéal foghlama níos airde, mar shampla, nó nuair a bhíonn post á lorg acu sa bhaile nó thar lear. Féadann foghlaimeoirí a gcuid scileanna teanga a mheas i gcóras greille – tuiscint, léamh, caint agus scríobh – agus féadann siad iad a ghrádú de réir sé leibhéal Eorpach. Glacadh leis na caighdeáin seo ag na príomheagraíochtaí creidiúnaithe san Eoraip, ag mórán ballstáit agus ag an AE féin, go háirithe mar chuid den scéim Europass ar córas é a chinntíonn go dtuigtear cumais an duine aonair níos fearr agus gur féidir iad a chur i gcomparáid lena chéile thar na ballstáit. Tá an smaoineamh gur próiseas a mhaireann ar feadh an tsaoil í foghlaim teanga i gcroílár Lá Eorpach na dTeangacha. Is dóigh le mórán daoine fásta go bhfuil an deis curtha amú acu má theip orthu teanga a fhoghlaim le linn dóibh a bheith i mbun oideachais fhoirmiúil agus go bhfuil sé ró-dhéanach tabhairt faoi uair eile. Níl an ceart acu. Tá ranganna, cláir agus teicníochtaí (idir leabhair agus dlúthdioscaí) ar fáil ar fud na hEorpa chun cumais teanga a chur chun cinn. Is é atá in easnamh go mion minic ná spreagadh pearsanta chun an t-eagla roimh theanga nua a shárú. Tá a lán daoine a fhorbraíonn a gcuid scileanna teanga i ndiaidh dóibh an scoil nó an ollscoil a fhágáil. Ní haon ionadh é seo; agus iad ar scoil measann daltaí gur dualgas seachas deis í foghlaim teanga. Nuair a thugaimid an saol mór orainn áfach, is cuma an le haghaidh oibre nó caitheamh aimsire, is ansin a thuigimid go bhfuil luach mór ar theangacha. Mar spreagadh duit – dá mhéad teangacha a fhoghlaimítear is ea is fusa a bhíonn an obair. Mar sin, nuair a bhíonn an chéad chliath glanta agat agus má bhíonn fonn ort blaiseadh den Ungáiris nó den Chantainis a fháil, bain triail as!

Má theastaíonn uait do chuid scileanna teanga a chur chun cinn agus tuilleadh eolais a fháil ar Lá Eorpach na dTeangacha tabhair cuairt ar na suíomhanna seo a leanas chun teacht ar eolas áisiúil:

Dála an scéil, is é is brí leis an nath thuas ná ‘labhair liom’ san Albáinis.

Iriseoir neamhspleách atá bunaithe i Strasbourg is ea Neil Madden