Cad is Lá Eorpach na dTeangacha ann?

Is iad an Chomhairle Eorpach agus an tAontas Eorpach a d’eagraigh Lá Eorpach na dteangacha 2001 i gcomhar a chéile. D’éirigh leo na milliúin daoine thar 45 thír a spreagadh chun páirt a ghlacadh. Ceiliúradh éagsúlacht teanga san Eoraip agus cuireadh foghlaim teanga chun cinn in imeachtaí agus gníomhaíochtaí an lae.

De bharr gur éirigh chomh maith sin leis an lá sa bhliain 2001 d’fhógair an Chomhairle Eorpach go gceiliúrfar Lá Eorpach na dteangacha ar an 26 Meán Fómhair gach bliain. Is iad seo a leanas na spriocanna atá le Lá Eorpach na dTeangacha:

  1. An pobal a chur ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le foghlaim teanga agus éagsúlú a dhéanamh ar an réimse teangacha atá foghlamtha d’fhonn ilteangachas agus tuiscint idirchultúrtha a mhéadú;

  2. Éagsúlacht shaibhir teanga agus chultúrtha na hEorpa a chur chun cinn, rud a chaithfear a chaomhnú agus a chothú;

  3. Foghlaim teanga ar feadh an tsaoil a spreagadh, is cuma an ar scoil nó lasmuigh di, i gcomhthéacs staidéir nó chun riachtanas poist a chomhlíonadh, chun críocha soghluaiseachta, spraoi nó le haghaidh malartuithe.

Ar an 26 Meán Fómhair 2011 ceiliúradh lá cothrom deich mbliana Lá Eorpach na dteangacha (LET) sa Chomhairle Eorpach agus ar fud na 46 mballstát.
 

Cé dó atá Lá Eorpach na dTeangacha?

Tá súil ag an gComhairle Eorpach go gceiliúrfaidh idir údaráis sna baillstáit agus comhpháirtithe ionchasacha an lá mar seo a leanas:

  • i measc déantóirí beartais (sainbhearta nó díospóireachtaí ar shaincheisteanna beartas teanga mar shampla)
  • sa phobal i gcoitinne (ag spreagadh tuisceana ar mhórspriocanna an Lae a áiríonn an tábhacht atá le foghlaim teanga ar feadh an tsaoil, is cuma cén aois a bhíonn an foghlaimeoir nuair a théann sé nó sí i mbun foghlama. Is féidir tabhairt faoi in ionaid oideachais nó ag an obair, srl);
  • san earnáil dheonach (sainbhearta á nglacadh ag Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, cumainn, cuideachtaí srl, nó dóibh).