Conas a ghlacfar páirt?

Is féidir Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúradh san iliomad slite. Braitheann sé ar an méid ama agus ar na hacmhainní atá ar fáil daoibh.

TD’fhéadfaí idir imeachtaí simplí (cosúil le hoíche scannáin ina dtaispeántar scannáin i dteangacha éagsúla, nó caife ina bhfuil speisialtachtaí ó thíortha éagsúla ar fáil) agus mórimeachtaí a bhfuil a lán acmhainní ag teastáil uathu (cosúil le mórimeachtaí meáin) a eagrú. Tá gach imeacht a foilsíodh ar shuíomh idirlín LET ó 2002 luaite i bhféilire na nImeachtaí agus is tobar smaointe iontach é. Tá rogha smaointe ar fáil ar an leathanach ar a bhfuil an teideal cuí 'bí spreagtha’' page!

Is cuma beag nó mór é bhur n-imeacht, prionsabal an-bhunúsach atá i gceist:

  1. cuimhneamh ar imeacht mhaith (imeacht ar nós cóisir, comórtas, dinnéar)
  2. í a eagrú agus a fhógairt it
  3. í iontráil inár mbunachar sonraí, agus
  4. í a chur ar siúl!

Lá Eorpach na dTeangacha a eagrú

Ní thugann an Chomhairle Eorpach aon treoracha (ná cúnamh airgid) d’eagraíochtaí chun gníomhaíochtaí a chur ar siúl. Tá cead a gcos ag na ballstáit agus ag comhpháirtithe ionchasacha maidir le himeachtaí a eagrú de réir mar is maith leo. Ar an gcuma seo cinntítear go bhfuil an oiread solúbthacht is féidir acu agus an lá á reáchtáil acu.

"Teagmhálaithe Baile"

I bhformhór na dtíortha glacann duine ról an “teagmhálaí’ idir eagraithe imeachta agus an Chomhairle Eorpach ar bhonn deonach. Ina theannta sin bíonn an teagmhálaí ag scaipeadh eolais agus ábhar fógraíochta ón gComhairle ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

Ról na Comhairle Eorpaí

Is í an Chomhairle Eorpach a thionscain an lá agus seolann sí póstaeir, greamáin agus ábhar fógraíochta eile a léiríonn ilchineálacht teangacha na hEorpa amach gach bliain. Déantar an t-ábhar seo dháileadh amach ó bhall lárnach chuig na teagmhálaithe náisiúnta. Tá siad sin freagrach as iad a dháileadh ina dtíortha féin, go háirithe chun freastal ar riachtanais eagraithe imeachta LET.