Cuir d’imeacht chun cinn

Tá d’imeacht curtha ar bun agat mar sin. Maith thú. Mór an trua nach bhfuil eolas ag aoinne faoi, nach ea? Ar an dea-uair tá cabhair ar fáil chun an pobal a chur ar an eolas faoi do thionscnamh. Cuirimis tús leis mar seo…

  1. Cuir d’imeacht isteach i bhféilire na n-imeachtaí.
  2. Caith súil ar an ábhar atá ar fáil le n-íoslódáil agus le n-ordú ó do theagmhálaí baile.
  3. Déan téacsanna fógraíochta/bileoga agus scaip iad.
  4. Bí mar bhall inár ngrúpa Facebook agus cuir gach duine ar an eolas faoi d’imeacht.
  5. Cuir do nuachtán áitiúil ar an eolas faoin imeacht agus faoi Lá Eorpach na dTeangacha (ná dearmaid seoladh suíomh idirlín LET a lua: www.coe.int/edl).
  6. Inis don teagmhálaí baile faoi d’imeacht. Seans gur féidir leis nó léi cabhrú leat tuilleadh fógraíochta a dhéanamh.