Cé a ghlacfaidh páirt?

Tá fáilte roimh GHACH DUINE páirt a ghlacadh ar shlí éigin i Lá Eorpach na dTeangacha!

Is cuma an mar dhuine aonair nó mar ghrúpa, in eagraíocht (scoil nó cumann) nó mar ghrúpa cairde, tá fáilte roimh dhaoine a bheith rannpháirteach sa Lá, cibé aois atá siad. Féadann gach duine a chion féin a dhéanamh chun go n-éireoidh le LET: páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí atá eagraithe nó teacht le chéile le daoine eile agus imeachtaí a reáchtáil (ná dearmaid sonraí na himeachta a chur isteach i bhféilire imeachtaí LET). Anseo thíos roinnt imeachtaí a d’fhéadfaí a eagrú:

  • DALTAÍ/MIC LÉINN: Cuirtear fáilte roimh dhaltaí agus mic léinn páirt a ghlacadh inár gcuid gníomhaíochtaí spraoi ar líne chun tuilleadh a fhoghlaim faoi éagsúlacht teanga. Inár gcluichí agus tráthanna na gceist gheobhaidh tú blaiseadh de theangacha éagsúla na hEorpa. Más maith leat ceol, nach mbeadh fonn ort imeacht ceoil a eagrú chun teangacha éagsúla agus seánraí ceoil éagsúla na hEorpa a chur chun cinn? D’fhéadfá taibhiú dá leithéid a roinnt tríd ár suíomh idirlín!

  • MÚINTEOIRÍ: Tá an iliomad rogha maidir leis an Lá ag múinteoirí teanga agus ag múinteoirí ábhair eile chomh maith: deiseanna chun rudaí a fhoghlaim faoi chultúir, traidisiúin agus teangacha eile nach múintear sa seomra ranga de ghnáth; buanna cruthaitheacha na ndaltaí a chur chun cinn i sceitsí a thaibhiú a léiríonn na teangacha atá acu, caiféanna teanga a reáchtáil, aird a dhíriú ar na teangacha go léir a labhraítear sa scoil….

  • OLLSCOILEANNA/SCOILEANNA: Is deis iontach é Lá Eorpach na dTeangacha chun féachaint ar an ollscoil/scoil agus an chathair máguaird mar áit ina mbuaileann daoine ó chúlraí éagsúla ar a chéile, ina maireann siad agus ina mbíonn siad ag idirghníomhú lena chéile – mar áit ina mbíonn teangacha beo. An mbeadh fonn oraibh grúpaí díospóireachta a bhunú agus díospóireachtaí a chur ar siúl idir dhaoine ó chúlraí teanga difriúla? D’fhéadfaí úsáid a bhaint as líonraí sóisialta ar líne chun a leithéid d’idirghníomhú a spreagadh. D’fhéadfá Lá Eorpach na dTeangacha a leanúint ar Facebook fiú amháin. D’fhéadfadh ollscoileanna agus scoileanna atá cóngarach do theorainn tíre eile turais a eagrú chun buaileadh le daltaí nó mic léinn ón taobh eile den teorainn. D’fhéadfadh scoileanna comórtais a chur ar siúl do dhaltaí atá dírithe ar shealbhú agus ar fheabhsú scileanna teanga.

Féadann GACH DUINE rannpháirtiú i Lá Eorpach na dTeangacha: d’fhéadfaí béile a ithe le comharsana ó chultúir eile nó d’fhéadfaí póstaeir agus greamáin a chrochadh suas timpeall an tí. Ní fhoghlaimeoidh tú teanga laistigh de lá amháin ach is dócha go leathnóidh tú d’eolas agus is cinnte go mbainfidh gach aoinne taitneamh as an eachtra!