EDL.ECML.AT/LANGUAGEJOURNEY

Fáilte romhat chuig aistear trí theangacha na hEorpa!


An chéad turas eile ag Lara - trí Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh na hEorpa

Cuireann Lara tús le haistear nua teanga - Sa chaibidil seo dá haistear, taiscéalann Lara saol iontach na dteangacha réigiúnacha agus mionlaigh agus, toisc go bhfuil sí fiosrach, aimsíonn sí go leor seoda teanga dar ndóigh!

Tar éis di a fháil amach faoi thart ar 46 cinn de theangacha ‘níos mó’ na hEorpa, den chuid is mó, ar a céad turas, roghnaigh Lara ar an turas seo súil níos géire a chaitheamh ar an scéal agus féachaint ar theangacha nach bhfuil aithne chomh maith sin orthu lasmuigh de na ceantair ina labhraítear iad. I gcásanna áirithe tá roinnt canúintí éagsúla ag na teangacha a aimsíonn sí, níl foirm chaighdeánaithe scríofa ag cuid acu nó is féidir iad a dhéanamh i gclónna éagsúla, agus i roinnt cásanna tá líon na gcainteoirí dúchais ag laghdú. I ngach cás, áfach, tá traidisiún bródúil ag na teangacha agus tá pobail dhíograiseacha ghníomhacha cainteoirí ag iarraidh a chinntiú go gcuirtear a n-oidhreacht teanga ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht.

TURAS TEANGA LARA TRASNA NA hEORPA

Léiríonn na teangacha a chasfar ort ar na leathanaigh seo a leanas éagsúlacht na gcultúr agus na dtraidisiún atá ann taobh le taobh ar ár mór-roinn. Labhraíonn na milliúin daoine cuid de na 225 cinn nó mar sin de theangacha dúchasacha na hEorpa. Ar an taobh eile tá teangacha nach labhraíonn ach dornán daoine agus ar an drochhuair tá siad gar do bhás a fháil.

Le linn an turais ghairid seo, gheobhaidh tú amach go bhfuil a lán cosúlachtaí eatarthu. Baineann teangacha na hEorpa le trí phríomhchatagóir den chuid is mó: Slavaic, Rómánsach agus Gearmáinic. Tá fréamhacha comhchosúla ag na teangacha i ngach grúpa ach thar na céadta bliain d’fhorbair siad ina dtreonna ar leith féin. Gheobhaidh tú eolas freisin faoi na difríochtaí atá eatarthu: éagsúlacht idir na haibítrí (mar shampla Laidin, Coireallach, Gréigis, Airméinis agus Seoirsis), agus scripteanna ealaíne á n-úsáid acu go minic; faoin chaoi a ndéileálann siad le focail a chruthú d’aireagáin nua agus faoina mbunús a bhíonn mistéireach, uaireanta. Tá sainiúlacht ar leith ag gach ceann acu agus tá a scéal féin le hinsint acu go léir.