Caith do vóta! – an imeacht is nuálaí i mbliana
Chun an Lá a dhéanamh níos corraithí fós beidh fáilte roimh gach duine a thugann cuairt ar an suíomh a vóta a chaitheamh le haghaidh na himeachta LET is nuálaí ina thuairim. D’fhéadfadh imeacht a bheith nuálaíoch de bharr go bhfuil sí cruthaitheach, inaistrithe nó díreach toisc go léiríonn sé spiorad an Lae. Is féidir vótaí a chaitheamh ar feadh míosa ón 20 Meán Fómhair go dtí an 20 Deireadh Fómhair agus fógrófar an buaiteoir i mí na Nollag. Beidh duais bheag ar fáil don eagraí a bhfaighidh a imeacht/a himeacht an líon vótaí is mó.