Pointí Eolais Teanga

Arbh eol duit...?

01 Go bhfuil 6000 go 7000 teanga ar an domhan – iad á labhairt ag 7 billiún duine a mhaireann i 189 stát neamhspleácha.

02 Go bhfuil tuairim is 225 theanga dhúchais san Eoraip. Is ionann sin agus 3% de theangacha an domhain ar fad, isteach is amach.

03 Go labhraítear formhór de theangacha an domhain san Áis agus san Afraic.
 

04 Tá beagnach leathchuid de phobal an domhain dátheangach nó ilteangach, is é sin, go bhfuil dhá theanga nó níos mó acu.

05 Go gcastar na hEorpaigh ar theangacha iasachta níos minice de réir a chéile ina ngnáthshaol ar an aimsir seo. Ní mór níos mó suime i dteangacha a spreagadh i muintir na hEorpa.

06 Go bhfuil 50,000 focal nó níos mó ag mórán teangacha. Ní úsáideann cainteoirí aonair ach cuid bheag den bhfoclóir iomlán agus níl ach cuid bheag de ar eolas acu de ghnáth: agus iad i mbun gnáthchómhrá baineann daoine úsáid as an cúpla céad focal céanna.

07 Go mbíonn teangacha i síor-theagmháil lena chéile agus téann siad i bhfeidhm ar a chéile ar an iliomad slite: Tháinig focail agus nathanna mar iasacht as mórán teangacha isteach sa Bhéarla san aimsir atá thart agus tá focail agus nathanna ón mBéarla ag teacht isteach mar iasachtaí i dteangacha Eorpacha.

08 Le linn a chéad bhliana labhraíonn leanbh réimse leathan fuaimeanna guta; agus é in aois bliana nó mar sin labhraíonn sé an chéad chúpla focal sothuigthe; in aois trí bliana, isteach is amach, déanann sé abairtí casta; in aois cúig bliana tá roinnt míle focal ar eolas ag leanbh.

09 Is í a theanga dhúchais an teanga is fearr a bhíonn ar eolas ag duine de ghnáth, agus an teanga is mó a bhaineann sé úsáid aisti, cé go bhfuil roinnt daoine a bhfuil cumas foirfe in dá theanga acu. De ghnáth ní thaispeánann daoine dátheangacha an cumas ceannann céanna san dá theanga atá acu, áfach.

10 Tá a lán buntáistí ag gabháil le dátheangachas: is dá thoradh a bhíonn sé níos éasca teangacha breise a fhoghlaim. Lena chois sin feabhsaíonn sé an próiseas smaointeoireachta agus cothaíonn sé teagmhálacha le daoine eile agus a gcultúir.

11Tá buntáistí eacnamaíocha ag gabháil le dátheangachas agus ilteangachas, chomh maith: bíonn níos mó post ar fáil dóibh siúd a bhfuil cúpla teanga nó trí cinn acu agus bíonn buntáiste iomaíochta ag cuideachtaí ilteangacha ar chuideachtaí aonteangacha.

12 Tá gaol ag teangacha le teangacha eile cosúil le baill teaghlaigh. Is de bhunús Ind-Eorpach atá formhór na dteangacha Eorpacha.

13 Baineann formhór na dteangacha Eorpacha le trí ghrúpa leithne: Gearmánach, Rómánsach agus Slaivis.

14 Is iad na teangacha a áirítear i gcraobh na dteangacha Gearmánacha na an Danmhairgis, an Ioruais, an tSualainnis, an Ioslainnis, an Ollainnis, an Béarla agus an Giúdais, mar aon le teangacha eile nach iad.

15 Is iad na teangacha a áirítear i gcraobh na dteangacha Rómánsacha ná an Iodáilis, an Fhraincis, an Spáinnis, an Phortaingéilis agus an Rómáinis mar aon le teangacha eile.

16 Is iad na teangacha a áirítear i gcraobh na dteangacha Slaivise ná an Rúisis, Úcáinis, an Bhealarúisis, an Pholainnis, an tSeicis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an tSeirbis, an Chróitis, an Mhacadóinis, an Bhulgáiris chomh maith le teangacha eile.

17 Baineann formhór na dteangacha Eorpacha úsáid as an aibítir Laidine. Baineann roinnt teangacha Slaivise úsáid as an aibítir Choireallach. Tá a n-aibítir féin ag an nGréigis, an Airméinis, an tSeoirsis agus an Giúdais.

18 Tá roinnt mionteangacha nó teangacha réigiúnacha ag formhór na dtíortha san Eoraip. Tá stádas oifigiúil bainte amach ag cuid acu.

19 Is iad na teangacha is forleithne a úsáidtear ar thalamh na hEorpa lasmuigh de na teangacha Eorpacha féin ná an Araibis, an tSínis agus an Hiondúis. Tá a córas scríofa féin ag gach ceann díobh seo.

20 Is ar thalamh na Rúise (148 milliún áitritheoir) a labhraítear an líon is mó teangacha go mór is go fada: 130 ar a laghad agus suas go 200 ceann, ag brath ar chritéir.

21 De thoradh go bhfuil imircigh agus teifigh ag teacht isteach san Eoraip tá an Eoraip tríd is tríd ina mór-roinn ilteangach. Labhraítear 300 teanga éigin i Londain féin (an Araibis, an Tuircis, an Choirdis, an Bheirbeiris, an Hiondúis, an Phuinseáibis, srl.).

Anois, agus an méid mór eolais seo foghlamtha agat, an bhfuil fonn ort páirt a ghlacadh i tráth na gceist faoi theangacha?