Ainmneacha Gaeilge

Tá bunús Ceilteach le go leor ainmneacha Éireannacha, le bríonna a bhaineann leis an dúlra, leis na heilimintí, nó le déithe ón miotaseolaíocht. Cé go bhfuil clú agus cáil bainte amach ag cuid acu ar fud an domhain, buíochas le scríbhneoirí, amhránaithe agus aisteoirí cáiliúla – leithéidí Seán (O’Casey), Sinéad (O’Connor) agus Cillian (Murphy) – tá cuid eile fós sách doiléir taobh amuigh de chósta na hÉireann.

Is mór an dúshlán, áfach, cuid de na hainmneacha suimiúla Gaelacha a fhuaimniú, mura bhfuil cur amach agat ar an teanga. Mar sin, tugann an leathanach seo treoir ar shaol séiseach na n-ainmneacha Gaeilge. Éist leis na taifeadtaí fuaime thíos chun fáil amach na rúin atá taobh thiar de na litrithe uathúla sin. Feistithe leis an uirlis seo beidh tú i do shaineolaí in am ar bith!