Ceisteanna is minic a chuirtear faoi theanga chomharthaíochta

01

Cuirtear ceannlitir ag tús an fhocail <bodhar> uaireanta agus uaireanta cuirtear litir cáis íochtair ar a thús. An bhfuil cúis ar leith leis sin?
I réimse an staidéir ar Bhodhaire ciallaíonn an ceannlitir ‘B’ ag tús an fhocail ‘Bodhar’ go bhfuil ballraíocht i bpobal daoine bodhaire i gceist agus go n-úsáidtear teanga chomharthaíochta dhúchasach mar phríomhtheanga agus mar theanga is rogha leis an bpobal seo. Nuair a úsáidtear ‘b’ cáis íochtair ag tús an fhocail ‘bodhar’ tagraítear do dhaoine a bhfuil cailliúint éisteachta atá cinntithe ó thaobh leighis de, cé nach measann siad iad féin mar bhaill de phobal na mBodhar. Seans nach n-úsáideann siad teanga chomharthaíochta dhúchasach ach an oiread (féach Signed Languages in Education in Europe – a preliminary exploration”, Lorraine LEESON, Baile Átha Cliath. An Chomhairle Eorpach. 2006)

02

An bhfuil gach duine a úsáideann teanga chomharthaíochta bodhar nó spadchluasach?
Níl. Is minic a fhoghlaimíonn páistí a bhfuil tuismitheoirí bodhra acu teanga chomharthaíochta; beidh teanga chomharthaíochta dhúchais na dtuismitheoirí mar theanga dhúchais ag na páistí seo mar beidh sí ar eolas acu sula bhfoghlaimíonn siad teanga labhartha ar bith. De bhreis air sin foghlaimíonn tuismitheoirí páistí Bodhra chomh maith le deartháireacha agus deirfiúracha páistí Bodhra teanga comharthaíochta chun cumarsáid a éascú. Ina theannta sin tá daoine a fhoghlaimíonn teanga chomharthaíochta toisc go bhfuil cairde bodhra acu nó toisc gur mhaith leo obair mar ateangairí nó díreach toisc go bhfuil suim acu sa teanga.

03

An bhfuil teanga chomharthaíochta uilíoch ann?
Níl. Tá a lán leaganacha éagsúla in úsáid agus d’fhéadfadh níos mó ná haon teanga chomharthaíochta amháin a bheith á n-úsáid i dtír, faoi mar atá i gcás teangacha labhartha. Mar shampla, tá dhá theanga chomharthaíochta sa Bheilg (Teanga Chomharthaíochta Fhraincise-Bheilgeach agus Teanga Chomharthaíochta Phléimeannaise) nó sa Spáinn (Teanga Chomharthaíochta Spáinnise agus Teanga Chomharthaíochta Chatalóinise). Ina theannta sin tá teangacha comharthaíochta difriúla ar fáil i dtíortha a bhfuil an teanga labhartha céanna acu, mar shampla an Ríocht Aontaithe agus Éire. Forbairtí i stair na dteangacha ar difriúil le forbairtí a tharlaíonn i dteangacha labhartha is cúis leis seo.

04

An ann do ‘theaghlaigh’ de theangacha comharthaíochta (faoi mar atá i gcás teangacha labhartha – teangacha Rómánsacha nó Slaivise, mar shampla) a bhféadfadh a n-úsáideoirí a chéile a thuiscint?
Tá. Is ann do theaghlaigh teanga laistigh de theangacha comharthaíochta an domhain. Mar shampla, bheadh tuiscint níos fearr ag duine a úsáideann teanga chomharthaíochta Gearmáinise ar theanga chomharthaíochta na hOstaire nó na hÍsiltíre ná ag duine a úsáideann teanga chomharthaíochta Iodáilise. Ag an am céanna tá teanga chomharthaíochta na Breataine an-difriúil leis na teangacha comharthaíochta Eorpacha eile agus níl gaol aici ach le teanga chomharthaíochta na hAstráile.

05

An bhfuil teanga chomharthaíochta idirnáisiúnta ar fáil a d’fhéadfadh a bheith ina ‘lingua franca’?
Tá córas cumarsáide idirnáisiúnta ar fáil a ngairtear International Sign (IS) air go minic. Úsáidtear an córas seo go rialta i gcomhdhálacha idirnáisiúnta agus i gcruinnithe ina bhfuil rannpháirtithe nach bhfuil teanga chomharthaíochta i gcoitinne acu. Go deimhin, baineann úsáideoirí teanga chomharthaíochta as tíortha difriúla úsáid as an teanga chúnta seo mar lingua franca agus i gcumarsáid uathspreagtha chomh maith. Níl sí inchurtha le hEsperanto mar ní teanga inti féin í. Níl aon córas seasta gramadaí ná níl aon foclóir aici. Tá sí go mór ag brath ar ghothaí nach bhfuil aon bhrí acu ach i chomhthéacsanna ar leith. Baineann sí úsáid as foclóir teanga dúchasaí an té an dhéanann an chomharthaíocht. Ciallaíonn sé seo go ndéantar comharthaí a shoiléiriú agus is minic níos mó ná comhartha amháin a bheith á úsáid chun cur síos a dhéanamh ar choincheap d’fhonn a chinntiú go dtuigtear é.

06

An ea nach bhfuil i dteanga chomharthaíochta ach léiriú focal labhartha/scríofa?
Ní hea. Is teangacha iomlána foirfe iad a bhfuil a ngramadach agus a gcomhréir féin acu. Cosúil le gnáth-theangacha eile tá a nathanna féin acu ar deacair iad a aistriú agus tá focail/comharthaí áirithe acu nach féidir a aistriú go liteartha go teanga chomharthaíochta eile.

07

An bhfuil foirm chomharthaíochta chaighdeánaithe ar fáil do gach teanga agus an bhfuil ‘canúintí’ éagsúla i dteangacha comharthaíochta amhail mar atá i dteangacha labhartha?
Rinneadh iarrachtaí chun teangacha comharthaíochta a chaighdeánú thar an Eoraip. Faoi mar atá i gcás teangacha labhartha, níor éirigh leis na hiarrachtaí seo agus tá canúintí ann i gcónaí. Tá sé seo amhlaidh, leis, de bharr go bhfuil scoileanna na mbodhar i gceantair tíre éagsúla agus úsáideann siad comharthaí áirithe a úsáideann na páistí lasmuigh den scoil. Is minic comharthaí do laethanta na seachtaine agus d’ainmneacha na míonna a bheith difriúil ó cheantar go ceantar, agus bíonn difríochtaí idir na comharthaí do dhathanna.

08

Cé mhéad daoine a úsáideann teangacha comharthaíochta i mballstáit na Comhairle Eorpaí?
Nílimid cinnte. Níl staitisticí iontaofa ar fáil ó gach ballstát. Meastar go n-úsáideann 750,000 duine teanga chomharthaíochta do Dhaoine Bodhra san Aontas Eorpach trí chéile. Is úsáideoirí teanga chomharthaíochta do dhaoine bodhra tuairim is 0.1% de phobal iomlán tíre ar bith. Ní áiríonn sé seo daoine atá ag foghlaim teanga comharthaíochta mar theanga bhreise ná páistí tuismitheoirí bodhra ná baill eile den teaghlach. Meastar go bhfuil tuairim is 5,000 úsáideoirí teanga comharthaíochta sa bhFionlainn; 100,000 díobh sa bhFrainc agus 20 – 30,000 sa Rómáin.

09

An bhfuil teangacha comharthaíochta curtha san áireamh i gCreatlach Thagartha Eorpach Choiteann do Theangacha de chuid na Comhairle Eorpaí: Foghlaim, Múineadh, Measúnú, an chreatlach atá ar fáil i mbreis is 35 theanga?
Rinne Aireacht Oideachais na Fraince athchóiriú ar roinnt codanna den leagan Fraincise den gCreatach le haghaidh Teanga Chomharthaíochta na Fraincise, go háirithe leibhéil thagartha agus tuairisceoirí coitinne.

10

An féidir teangacha comharthaíochta a thras-scríobh?
Is féidir. Úsáidtear roinnt modhanna difriúla chun teangacha comharthaíochta a thras-scríobh. Níl aon mhodh caighdeánaithe ar fáil chun teangacha comharthaíochta a thras-scríobh ach úsáidtear Córas Nodaireachta Hamburg (HamNoSys) go minic. Sa chóras seo baintear úsáid as siombail áirithe chun cur síos a dhéanamh ar an gcruth láimhe agus an ghluaiseacht a ghabhann leis an gcomhartha. SignWriting is ainm do chóras eile a oibríonn mar an gcéanna, nach mór. De bhreis air seo baintear úsáid as ‘gluaisiú’. Sa chóras seo aistrítear comharthaí ina bhfocail atá scríofa i gceannlitreacha agus léirítear marcanna aghaidhe agus eolas gramadaí in éineacht leo, ar bharr na bhfocal nó mar rémíreanna. Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar: http://www.signwriting.org/, nó ar http://assets.cambridge.org/97805216/37183/sample/9780521637183web.pdf (an chaibidil faoi ’choinbhinsiúin’), nó ar http://www.sign-lang.uni-hamburg.de/projects/hamnosys.html.

11

Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil faoi theangacha comharthaíochta agus conas is féidir liom ceann díobh a fhoghlaim?
Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Cumann na mBodhar i do thír chun a fháil amach cén áit a bhíonn ranganna i dteanga chomharthaíochta ar siúl agus chun tuilleadh eolais faoin dteanga chomharthaíochta náisiúnta a fháil. Tá eolas ar Chumainn na mBodhar san AE ar fad ar fáil ar líne ar shuíomh idirlín Aontas Eorpach na mBodhar: http://eud.eu/EUD_Members-i-159.html (map). Tá tuilleadh eolais ar fáil, leis, ar shuíomh idirlín de chuid Chónaidhm Dhomhanda na mBodhar: http://www.wfdeaf.org/members/ordinary-members/list-of-members.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Mark Wheatley agus Annika Pabsch ó Aontas Eorpach na nDaoine Bodhar (EUD - www.eud.eu)as cur go mór leis an rannán seo.