Léiríonn na teangacha a chasfar ort ar na leathanaigh seo a
leanas éagsúlacht na gcultúr agus na dtraidisiún atá ann taobh
le taobh ar ár mór-roinn. Labhraíonn na milliúin daoine cuid de
na 225 cinn nó mar sin de theangacha dúchasacha na hEorpa.
Ar an taobh eile tá teangacha nach labhraíonn ach dornán
daoine agus ar an drochhuair tá siad gar do bhás a fháil.
Le linn an turais ghairid seo, gheobhaidh tú amach go bhfuil a
lán cosúlachtaí eatarthu. Baineann teangacha na hEorpa le trí
phríomhchatagóir den chuid is mó: Slavaic, Rómánsach agus
Gearmáinic. Tá fréamhacha comhchosúla ag na teangacha
i ngach grúpa ach thar na céadta bliain d’fhorbair siad ina
dtreonna ar leith féin. Gheobhaidh tú eolas freisin faoi na
difríochtaí atá eatarthu: éagsúlacht idir na haibítrí (mar
shampla Laidin, Coireallach, Gréigis, Airméinis agus Seoirsis),
agus scripteanna ealaíne á n-úsáid acu go minic; faoin chaoi a
ndéileálann siad le focail a chruthú d’aireagáin nua agus faoina
mbunús a bhíonn mistéireach, uaireanta. Tá sainiúlacht ar leith
ag gach ceann acu agus tá a scéal féin le hinsint acu go léir.