Cén fáth a cheiliúrtar Lá Eorpach na dTeangacha?

Ní raibh níos mó deiseanna againn riamh chun dul i mbun oibre bó staidéir i dtír Eorpach eile. Cuireann easpa cumas teanga bac ar a lán daoine leas a bhaint as na deiseanna seo, áfach.

De bharr an domhandaithe agus pátrún gnó a bhíonn againn ar an aimsir seo bíonn scileanna an dara nó an tríú teanga ag teastáil go mion minic ag daoine d’fhonn obair éifeachtach a dhéanamh ina dtíortha féin. Ní leor Béarla amháin.

Tá raidhse teangacha san Eoraip. Tá breis is 200 teanga a bhfuil a mbunús san Eoraip féin agus labhraíonn saoránaigh arb as mór-ranna eile dá dteaghlaigh níos mó fós. Ní mór an acmhainn seo a aithint, a úsáid agus a chaomhnú.

Tagann tairbhí don aos óg agus d’aosaigh ar aon as foghlaim teanga – ní bhíonn duine ró-aosta choíche chun tabhairt faoi fhoghlaim teanga agus chun leas a bhaint as na deiseanna a leanann aisti. Fiú amháin mura bhfuil ach an cúpla focal de theanga na tíre ina bhfuil tú ar cuairt agat (ar laethanta saoire, mar shampla) beidh ar do chumas cairde agus teagmhálacha nua a dhéanamh.

Mar thoradh ar teangacha daoine eile a fhoghlaim is féidir linn tuiscint níos fearr a fháil ar a chéile agus ár ndifríochtaí cultúrtha a shárú.

Spriocanna

Tá gá le scileanna teanga agus tá de cheart ag GACH DUINE iad a fháil. Tá sé seo ar cheann de phríomhtheachtaireachtaí Lá Eorpach na dTeangacha.

Is iad na mórspriocanna ná tuiscint a spreagadh orthu seo a leanas:

  • Éagsúlacht mhór teangacha san Eoraip, rud a chaithfear a chaomhnú agus a chur ar aghaidh;
  • Go bhfuil gá le héagsúlú a dhéanamh ar an réimse teangacha a fhoghlaimíonn daoine (teangacha neamhfhorleathanacha a chur san áireamh), rud a mbeidh ilteangachas mar thoradh air;
  • Gur cheart d’fhoghlaimeoirí cumas áirithe a bhaint amach in dá theanga nó níos mó chun gur féidir leo a bheith rannpháirteach go huile agus go hiomlán i saoránacht dhaonlathach na hEorpa.
… chinn Comhairle na nAirí Lá Eorpach na dTeangacha a fhógairt agus é a cheiliúradh ar an 26 Meán Fómhair gach bliain. Mhol an Chomhairle an lá a eagrú ar shlí dhíláraithe sholúbtha, de réir mar is mian leis na ballstáit agus de réir mar is acmhainn dóibh, chun gurbh fhearr go bhféadfadh na ballstáit a gcur chuige féin a leagan síos. Ina theannta sin moladh gurb í an Chomhairle a shocróidh téama an lae gach bliain. Tugann Comhairle na nAirí cuireadh don Aontas Eorpach dul i mbun an tionscnaimh seo in éineacht leo. Táthar ag súil go mbeidh gach comhpháirtí lena mbaineann rannpháirteach i gceiliúradh an lae.
Cinneadh ó Chomhairle na nAirí de chuid na Comhairle Eorpaí, Strasbourg, (an 776ú cruinniú – 6 Nollaig 2001)